← "Ná bíodh gruaim ort fá bheith dall, ach aithris dúinn cad é mar a mhair tú i ndiaidh na Féinne." 🔊✎
← Ansin shuigh Oisín i bhfianaise Phádraig agus na cléire gur inis sé a scéal ar Thír na nÓg agus ar Niamh Chinn Óir a mheall ón Fhiann é. Maidin cheo i ndiaidh Chath Ghabhra bhí fuílleach áir na Féinne ag seilg fá Loch Léin. 🔊
← B'iomaí lá aoibhinn a bhí ag Fionn agus Oisín i gceann na Féinne fá réim, ag imirt fichille is ag ól, ag éisteacht cheoil is ag bronnadh séad. 🔊✎
← Ansin ghluais siad leo thar an gharbhmhuir go bhfaca siad an tír aoibhinn lena dtaobh, na machairí mine fá bhláth, na grianáin a cumadh as clocha solais, agus an dún rí a raibh gach dath ann dá bhfaca súil. 🔊✎
← Is iomaí bliain a chaith siad fá aoibhneas i dTír na nÓg, gan meath ná éag ná easpa. 🔊✎
← Fá dheireadh smaoinigh Oisín gur mhaith leis Fionn agus na Fianna a fheiceáil arís. 🔊✎
← "Deirim leat fá dhó, a Oisín, má thig tú anuas den each bhán, nach bhfillfidh tú choice go Tír na nÓg." 🔊✎
← Tiocfaidh mé slán ar ais go Tír na nÓg." "Deirim leat fá thrí, a Oisín, má ligeann tú uait an t-each bán éireoidh tú i do sheanóir chríon liath, gan lúth, gan léim, gan amharc súl. 🔊